top of page

Cumarsáid a dhéanamh

Ailgéabar - Tuar Ceatha na Matamaitice

Gnéithe

Cumarsáid

a
An foghlaimeoir

Freagraíonn sé do réimse spreagthach chun feasacht

ar phatrúin leantacha a chur in iúl.

b
An foghlaimeoir

Déanann sé idirdhealú idir seichimh (á gcruthú arís is arís nó ag cur leo) agus seichimh nó bailiúcháin lena gcuimsítear gnéithe randamacha nach 'patrúin' iad dá bharr sin.

04.

c
An foghlaimeoir

Úsáideann sé teanga oiriúnach chun labhairt faoi phatrúin ar scoil, sa bhaile agus sa mhórthimpeallacht a bhfuil rudaí, dathanna, cruthanna agus uimhreacha i gceist leo.

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga

Teanga  

 

Patrún, dath, dearg, buí, gorm, glas, oráiste, corcra

 

Tascanna le tabhairt fúthu sula múinfear na focail a bhaineann leis na dathanna

Sprioctheanga - Gearmáinis 

Rot, blau, gelb, lila, grün (is féidir tuilleadh dathanna a chur leis de réir a chéile)

 

Gníomhaíocht a hAon: Na patrúin chéanna a dhéanamh arís is arís

Cuireann an múinteoir an patrún bunúsach ABAB in iúl do na daltaí chomh maith le hainm gach datha sa dara teanga, mar shampla rot, gelp, rot, gelb.

 

Leid: Féach ar na licíní sa phictiúr. Labhair faoina bhfeiceann tú. 

The picture shows a row of pattern colours: red, yellow, red, and yellow for Mathscify Teacher Task - Communicating - Algebra - A Little Rainbow of Mathematics

Ceisteanna:

Cad iad dathanna na licíní sa phictiúr?

An bhfeiceann tú patrún? 

Cén chéad dath eile a bheidh ann? 

 

Cóipeáil an patrún ag baint úsáid as dathanna.

 

Is féidir é sin a chur leis na dathanna eile mar shampla patrún blau, lila, blau, lila nó rot, grün, rot, grün, srl,.

 

Iarr ar na daltaí a línte agus a bpatrúin dathanna féin a chruthú. Tabhair ceithre licín ar dhathanna éagsúla dóibh agus iarr orthu smaoineamh ar phatrún den chineál céanna.

 

Gníomhaíocht a Dó: Patrún ABAB

Tabhair sraith de 15 chnaipe/diosca/licín/tíl/pionna dhaite do gach dalta. Iarr ar na daltaí na dathanna a shocrú go randamach ar an deasc agus iad a chur i dtrí shraith de chúig cheann.

The picture shows a row pattern of 15 coloured buttons for Mathscify Teacher Task - Communicating - Algebra - A Little Rainbow of Mathematics

Ansin iarr ar na daltaí a bpatrún ABAB féin a dhearadh leis na dathanna agus a iarraidh ar a gcomhscoláirí an seicheamh ceart a aimsiú.

 

Réiteach Féideartha

Is é rot, blau, rot, blau an seicheamh ABAB sa dara sraith thíos.

The picture shows a row pattern of 15 coloured buttons for Mathscify Teacher Task - Communicating - Algebra - A Little Rainbow of Mathematics

Nó is féidir leis na daltaí a bpatrún a dhathú ar an tascbhord do na Patrúin Tuar Ceatha. 

Gníomhaíocht a Trí: Patrún AAB AAB

 

Is féidir cur leis an bpatrún thuas ag baint úsáid as AAB AAB AAB. Tarraing aird na ndaltaí ar an gcaoi a gcuirtear na dathanna céanna síos arís is arís. Mar shampla, bain úsáid as na dathanna céanna ó Ghníomhaíocht a hAon chun an patrún seo rot, rot, gelb; rot, rot, gelb; a dhéanamh, mar atá sa phictiúr thíos.

The picture shows one row of patter colours: red, red, yellow, red,red, yellow, red, red, yellowfor Mathscify Teacher Task - Communicating - Algebra - A Little Rainbow of Mathematics

Ceisteanna:

Cad é atá mar an gcéanna leis an bpatrún i ngníomhaíocht 1?

Cad é atá difriúil ón bpatrún i ngníomhaíocht 1?

Cén chéad dath eile a bheidh sa phatrún? Conas atá a fhios agat? 

 

Cóipeáil agus lean ar aghaidh leis an bpatrún a fheiceann tú don chéad cheithre licín eile. 


 

Gníomhaíocht a Ceathair: Patrún a Fhorbairt

Déan cur síos ar aon phatrún a fheiceann tú sa phictiúr seo. 

The picture shows a row pattern of 10 coloured buttons for Mathscify Teacher Task - Communicating - Algebra - A Little Rainbow of Mathematics

Ceisteanna:

Cad é a bhíonn mar an gcéanna agus cad é a athraíonn gach uair sa phatrún seo?

Cad é a cheapann tú a thiocfaidh ina dhiaidh sin?  

Cad iad na cnaipí daite a d'fhéadfadh a bheith i líne 10? Mínigh an chúis. 

Anois iarr ar na daltaí na ciorcail ar an mbord a dhathú agus a bpatrúin féin a chruthú.

Gníomhaíocht a Cúig: Dán Patrún Tuar Ceatha a Chruthú

 

Tabhair teimpléad dáin do gach dalta agus iarr orthu dán patrún dá gcuid féin a chruthú le haon cheann de na focail a d’fhoghlaim siad.

 

Is féidir leo é sin a dhéanamh ar an teimpléad nó comhad fuaime a sheoladh chuig an múinteoir ina ndéarfaidh siad gach dath sa dán.

A Little Rainbow of Mathematics Student Male

Tuar Ceatha na Matamaitice - Buachaillí

A Little Rainbow of Mathematics Student Female

Tuar Ceatha na Matamaitice - Cailíní

Gníomhaíocht a Sé: Biongó na bPatrún

 

Is féidir Cárta Biongó samplach na bpatrún a úsáid chun súil siar tapa a dhéanamh ar na dathanna sa sprioctheanga sula n-imreoidh sibh an cluiche seo. 

 

Glaoigh amach gach dath sa dara teanga agus iarr ar gach dalta an dath cuí a chur ar an gcearnóg faoin dath. 

The picture shows a pattern Bingo card for Mathscify Teacher Task - Communicating - Algebra - A Little Rainbow of Mathematics

Ansin bain na dathanna ar fad arís agus glaoigh amach dathanna éagsúla. 

Má tá an dath sin ar an mbileog, cuirfidh an dalta diosca ar an gcearnóg sin. 

Buafaidh an dalta leis an gcéad phatrún ceart ABA ar a mbileog.

 

Athrú

Tabhair bileog bhán do gach dalta agus iarr air patrún dathanna a scríobh air mar atá sa sampla. Ansin iarr ar gach dalta an bhileog seo a mhalartú leis an dalta in aice leis. 

The picture shows a Bingo card for Mathscify Teacher Task - Communicating - Algebra - A Little Rainbow of Mathematics

Is féidir leis an múinteoir leanúint ar aghaidh leis an gcluiche Biongó.

 

D'fhéadfaí é seo a chur in oiriúint go héasca lena úsáid lasmuigh agus d'fhéadfaí greille Biongó a tharraingt le cailc.

COGG logo
bottom of page