Réasúnaíocht - Tomhais - Cé atá ceart? Labhróimis faoi
Treoir do Mhúinteoirí
Cé go bhfuil cruth agus líon i gceist, is é an príomhfhócas foghlama ná réasúnaíocht mhatamaiticiúil faoi achar a chur in iúl.
Baineann an tasc sin go soiléir leis na nithe seo a leanas:
Caint mhatamaiticiúil
Smaointe a mhíniú agus údar a thabhairt leo
Úsáid a bhaint as léirithe chun tacú le míniú
Éisteacht le smaointe daoine eile agus freagairt dóibh
Rún Matamaiticiúil (do thagairt an mhúinteora):
Tá 5 aghaidh ar chiúb oscailte, seachas 6. Tá achar 16 cm² ag gach aghaidh, rud a thugann achar dromchla iomlán de 80 cm².
Dul Chun Cinn Leanúnach
Dul chun Cinn Leanúnach | F An foghlaimeoir | G An foghlaimeoir | H An foghlaimeoir | I An foghlaimeoir |
Réasúnaíoch | Baineann sé úsáid as ciall uimhreacha chun freagraí míréasúnta agus réasúnta a aithint. | Baineann sé úsáid as meastacháin nuair a bhíonn fadhbanna a bhaineann le hoibríochtaí le slánuimhreacha, le huimhreacha deachúlacha agus le céatadáin á réiteach aige, chun cabhrú réasúntacht an réitigh a mheas. | Tugann sé údar le roghnú agus le húsáid oibríochtaí i gcomhthéacs ar leith. | Déanann sé anailís agus meastóireacht ar fhreagraí agus ar fhadhbanna a bhaineann le meastachán agus/nó ríomh agus tugann sé údar leo. |
Rúibric Ghrádaithe
Ceisteanna Scaflála Múinteoirí
(leideanna samplacha)
Tacú leis an bplé
Cad a athraíonn oscailte?
Cén aghaidh atá ar iarraidh?
Míniú níos mine a thabhairt
Conas a d'fhéadfá é sin a thaispeáint go soiléir i léaráid?
Conas a chuirfeá ina luí ar dhuine nach n-aontaíonn go bhfuil an ceart agat?
Dúshlán a thabhairt
Cad a tharlódh dá mbeadh dhá aghaidh ar iarraidh?
Conas a d'athródh an t-achar dromchla dá ndéanfaí an t-imeall a dhúbailt?

