Tuiscint agus Ceangal
Cruth agus Spás - Tóraíocht Taisce na gCruthanna
Féachaimis ar chruthanna i gcomhthéacsanna laethúla. Seo thíos na céimeanna:
-
Smaoinigh ar na cruthanna a fheiceann tú timpeall ort, sa seomra ranga, sa scoil, nó in áiteanna eile.
-
Roghnaigh rud éigin a bhfuil spéis agat ann. Is féidir é a tharraingt, scríobh faoi, pictiúr a ghlacadh
de, srl. -
Cuir ceist faoin rud a roghnaigh tú. Mar shampla, ceist shimplí "Cad iad na cruthanna a fheiceann tú?" nó ceist chasta "Cé mhéad líne shiméadrach atá ag an gcruth seo?"
-
Lean ar aghaidh ag aimsiú an oiread cruthanna éagsúla agus is féidir. An bhfuil tú in ann iad a ainmniú?
-
Cuir do chuid oibre i gcomparáid le hobair do chomhscoláirí. Cad iad na cruthanna a bhfuil na sonraí céanna agaibh lena n-aghaidh, agus cad iad na cruthanna a bhfuil sonraí difriúla agaibh lena n-aghaidh? Cad iad na cruthanna ba dheacra a fháil?
-
An féidir leat ceann d'fhadhbanna/ceisteanna comhscoláire a réiteach?
-
Cruthaigh póstaer le haghaidh do chuid oibre agus taispeáin é leis na réitigh fhéideartha sa seomra ranga.