top of page

Tusicint agus Ceangal

Achar agus Imlíne - Gairdíní a Dhearadh

Smaoineamh ar Achar agus ar Imlíne

Tharraing Max dronuilleoga ina chóipleabhar. Seo thíos an méid atá déanta aige go dtí seo.

Irish version area and perimeter

​Agus é ag féachaint ar na dronuilleoga ar fad, tosaíonn Max ag smaoineamh.

​

‘‘Feicim go mbíonn luach níos lú leis an uimhir a sheasann don imlíne ná mar a bhíonn leis an uimhir a sheasann don achar,’ ar seisean. ‘Agus feicim go méadaíonn luach an achair de réir mar a mhéadaíonn luach na himlíne. Is dóigh gur fíor é sin maidir le gach dronuilleog".

​

An bhfuil an ceart ag Max?

 

Tarraing go leor dronuilleog agus oibrigh amach freagra na ceiste sin. An gceapann tú go bhfuil smaoineamh Max

​

  1. Fíor i gcás gach dronuilleoige

  2. Fíor i gcás roinnt dronuilleog

  3. Níl sé fíor

 

Cur i gcás nach bhfuil cara leat cinnte faoin tuairim sin. Conas a chruthófá é dó/di?

 

An bhfuil aon dronuilleog ann a bhfuil an t-achar mar an gcéanna ach a bhfuil an imlíne difriúil?

bottom of page