top of page

Réasúnaíocht

Codáin - Donnóga a Roinnt

Gnéithe

Réasúnaíocht

e
An foghlaimeoir

Léiríonn sé tuiscint go bhfuil

méid níos lú ingach sciar nuair

a bhíonn líon níos mó sciartha

cothroma acu san iomlán.

f
An foghlaimeoir

Cosnaíonn sé ordú na gcodán agus na slánuimhreacha ar uimhirlíne.

04.

g
An foghlaimeoir

Míníonn sé ról an uimhreora agus ról an ainmneora.

 

Cuireann sé codáin aonaid le hainmneoirí difriúla i gcomparáid agus cuireann sé in ord iad.

h
An foghlaimeoir

Cuireann sé codáin lena n-áirítear codáin choibhéiseacha, [fíorchodáin, leaschodáin agus uimhreacha measctha] i gcomparáid agus cuireann sé in ord iad ar uimhirlíne.

i
An foghlaimeoir

Cuireann sé codáin lena n-áirítear codáin choibhéiseacha a bhfuil ainmneoirí agus uimhreoirí difriúla acu i gcomparáid agus cuireann sé in ord iad ar uimhirlíne.

J

An foghlaimeoir

Míníonn sé an chaoi a mbaineann luach codáin le luach/ méid an aonaid iomláin.

Teanga  

Níos mó, Níos lú, An líon céanna

Miniature Souffles

Tráthnóna Dé Luain atá ann agus tá cairde ar cuairt agat. Tá donnóga ceannaithe agat dóibh. 

 

Déardaoin atá ann agus tá níos mó cairde ar cuairt agat ná mar a bhí Dé Luain, ach tá an líon céanna donnóg agat. 

 

An bhfuil níos mó nó níos lú donnóg ann Déardaoin i gcomparáid leis an Luan? Pléigh an cheist sin le páirtí.

Lamon, S.J. (1999). Teaching fractions and ratios for understanding: Essential content knowledge and instructional strategies for teachers. Mahwah, NJ: Lawrence Erlbaum Associates.

Cliceáil ar an íomhá le priontáil

Mathscify Irish Version Brownie Card.jpg

Modh smaointe donnóg

Úsáid ‘modh smaointe donnóg’ chun fadhbanna eile a réiteach

Nodaireacht a thabhairt isteach

4 dhonnóg idir 6 chara: 4/6

4 dhonnóg idir 7 gcara: 4/7

Mar sin, cé acu is mó: 4/6 nó 4/7?

Behr, M. J., Lesh, R., Post, T. R., & Silver, E. A. (1983). Rational-number concepts. In R. Lesh & M. Landau (Eds.), Acquisition of mathematics concepts and processes (pp. 91-126). New York, NY: Academic Press.

Cute Girl

Modh smaointe donnóg arís …

Cé mhéad donnóg/duine a thugann donnóg iomlán do gach duine? 

3 dhonnóg roinnte ar 3 dhuine; 4 dhonnóg, 4 dhuine; 15 dhonnóg,15 dhuine; 89 donnóg, 89 duine;…

Cé mhéad donnóg/duine a thugann leathdhonnóg do gach duine? 

I gcás 4 dhonnóg, cé mhéad duine a thabharfadh leathdhonnóg do gach duine?

8 nduine, mar sin 4/8 = 1/2

Mason, J.H. (1988). Specializing and generalizing together. In John Healey Mason (Ed.) Learning and Doing Mathematics (pp.22-37). Palgrave, London. https://doi.org/10.1007/978-1-349-09782-1_3

Watson, A., & Mason, J. (2002). Student‐generated examples in the learning of mathematics. Canadian Journal of Science, Mathematics and Technology Education, 2(2), 237–249. https://doi.org/10.1080/14926150209556516

Mínigh é le modh smaointe na ndonnóg…

Cuir in ord méide é: 4/6, 4/7, 4/4

shot 2.png

Cé mhéad duine a thabharfadh píosa an-bheag donnóige do gach duine?

shot 3.png

Líon an-mhór daoine, is sciar an-bheag donnóige é 4/1000

Duval, R. (2017). Understanding the mathematical way of thinking – The registers of semiotic representations. https://doi.org/10.1007/978-3-319-56910-9

Tascanna

1. Cad is féidir a rá faoin sé chodán seo

1/6, 1/25, 3/5, 3/20, 4/15, 5/8

2. An féidir linn a chinneadh cén codán is mó agus cé acu is lú?

3. Roghnaigh dhá chodán agus abair cé acu is mó.

4. Abair codán eile atá mar an gcéanna le 3/5. Agus ceann eile?

5. Abair codán eile atá mar an gcéanna le 5/8. Agus ceann eile?

6. An bhfuil an freagra ar 3/5 + 5/8 níos lú nó níos mó ná 1?

7. Conas is féidir linn a fhreagra seo a oibriú amach: 3/5 + 5/8?

Foster, C. (2014, 19 September). Lesson plan: KS4 Maths – Adding and subtracting fractions. https://www.teachsecondary.com/maths-and-science/view/lesson-plan-ks4-maths-adding-and-subtracting-fractions

Scotens Logo
COGG logo
bottom of page