Réasúnaíocht
Ailgéabar - Pirimidí Céimnithe

Pirimidí Céimnithe
Is cruth tríthoiseach é an phirimid ina bhfuil aghaidheanna triantánacha a nascann bonn le pointe amháin ar a dtugtar rinn.
Feicfidh tú thíos roinnt samplaí de struchtúir atá cosúil le pirimid agus tá seans ann go bhfuil siad ar eolas agat cheana.
Cad é atá mar an gcéanna agus cad é atá difriúil faoi na cineálacha pirimidí seo?
An féidir leat smaoineamh ar aon cheann eile?
Is cineálacha pirimidí iad seo go léir, agus ainmnítear iad ag brath ar an gcruth atá ar a mbonn, m.sh., pirimid thriantánach, pirimid chearnógach, pirimid pheinteagánach, agus mar sin de.
Pirimidí na hÉigipte
Is pirimidí cearnógacha iad pirimidí na hÉigipte toisc go bhfuil a mbonn cearnógach.


Bain triail as an tsamhail seo a dhéanamh de phirimid chéimnithe chearnógach agus tú ag baint úsáid as ciúbanna.
Cuir sraith nua ciúbanna leis chun an phirimid a dhéanamh níos airde.
Cé mhéad ciúb ar fad a bheidh uait?
Cuir i gcás gur chuir tú sraith eile leis.
Cé mhéad ciúb eile a cheapann tú a bheadh ag teastáil uait?
Inis dom gach rud a thugann tú faoi deara faoin bpatrún fáis seo.
An bhfuil a fhios agat cé mhéad ciúb a d'fhéadfadh a bheith i sraith a deich? Tabhair cúis le do fhreagra.
An féidir leat smaoineamh ar riail ionas go mbeifeá in ann a thuar cé mhéad ciúb a bheadh in aon sraith? Cad a d'fhéadfadh a bheith ann?





