
Cumarsáid a dhéanamh
Ailgéabar - Tuar Ceatha na Matamaitice
Tasc 1: Féach ar na cnaipí sa phictiúr. Labhair faoina bhfheiceann tú.

Ceisteanna:
Cad iad dathanna na gcnaipí sa phictiúr? An bhfeiceann tú patrún?
Cén chéad dath eile a bheidh ann?
Cóipeáil an patrún ag baint úsáid as dathanna eile.
Tasc 2: Féach anois ar an bpatrún seo.

Ceisteanna:
Cad é atá mar an gcéanna leis an bpatrún i dtasc 1?
Cad é atá difriúil ón bpatrún i dtasc 1?
Cén chéad dath eile a bheidh le feiceáil? Conas atá a fhios agat?
Cóipeáil agus lean ar aghaidh leis an gcéad cheithre chnaipe eile sa phatrún a fheiceann tú.
Tasc 3: Déan cur síos ar an bpatrún sa phictiúr seo.

Ceisteanna:
Cad é a bhíonn mar an gcéanna agus cad é a athraíonn gach uair sa phatrún seo?
Cad é a thiocfaidh ina dhiaidh seo?
Cad iad na cnaipí a d'fhéadfadh a bheith i líne 10? Mínigh an chúis a gceapann tú é sin.
Tasc 4: Anois déan iarracht do phatrúin féin a chruthú.
Bain triail as patrún a chruthú le trí dhath.
An féidir leat patrún a chruthú le ceithre dhath?
Is féidir leat ceann de na teimpléid thíos a úsáid.
Cliceáil ar an teimpléad thíos.
Patrún Tuar Ceatha - Bord a hAon
Cliceáil ar an teimpléad thíos.
Patrún Tuar Ceatha – Bord a Dó
Taispeáin na patrúin do do chomhscoláirí.
Tasc 5: An féidir leat do dhán patrún féin a chruthú?
Déan comhad fuaime a thaifeadadh agus a sheoladh chuig an múinteoir.
Nó scríobh do dhán sa teimpléad thíos
Cliceáil ar an teimpléad thíos.
