Tusicint agus Ceangal
Achar agus Imlíne - Ag Dearadh Gairdíní
Leagann an leanúnachas dul chun cinn seo amach sampla de chonair foghlama
f
An foghlaimeoir
Aithníonn sé bunaonaid i gcomhair faid [méadar], agus achair [méadar
cearnach].
g
An foghlaimeoir
Fiosraíonn sé conas scála simplí
a léamh agus conas gnáthuirlisí
tomhais a úsáid.
h
An foghlaimeoir
Fiosraíonn sé, déanann sé meas agus ansin déanann sé tomhais ar imlíne agus ar achar gnáthchruthanna 2T.
i
An foghlaimeoir
Fiosraíonn sé, déanann sé meas agus déanann sé tomhais ar imlíne agus ar achar gnáthchruthanna agus cruthanna neamhrialta 2T.
J
An foghlaimeoir
Baineann sé úsáid as eolas maidir le tréithe atá ann cheana le tomhais tréithe nach bhfuil ar eolas a aimsiú.
k
An foghlaimeoir
Cinneann sé na gnéithe ábharthab agus aimsíonn sé an imlíne agus an t-achar atá ag ciorcail agus ag cruthanna cumaisc.

Smaoineamh ar Achar agus ar Imlíne
Tharraing Max dronuilleoga ina chóipleabhar. Seo thíos an méid atá déanta aige go dtí seo.
Agus é ag féachaint ar na dronuilleoga ar fad, tosaíonn Max ag smaoineamh.
‘‘Feicim go mbíonn luach níos lú leis an uimhir a sheasann don imlíne ná mar a bhíonn leis an uimhir a sheasann don achar,’ ar seisean. ‘Agus feicim go méadaíonn luach an achair de réir mar a mhéadaíonn luach na himlíne. Is dóigh gur fíor é sin maidir le gach dronuilleog".
An bhfuil an ceart ag Max?
Tarraing go leor dronuilleog agus oibrigh amach freagra na ceiste sin. An gceapann tú go bhfuil smaoineamh Max
-
Fíor i gcás gach dronuilleoige
-
Fíor i gcás roinnt dronuilleog
-
Níl sé fíor
Cur i gcás nach bhfuil cara leat cinnte faoin tuairim sin. Conas a chruthófá é dó/di?
An bhfuil aon dronuilleog ann a bhfuil an t-achar mar an gcéanna ach a bhfuil an imlíne difriúil?

Gairdíní a Dhearadh
Sa ghreille seasann gach cm do mhéadar (is é an scála ná 1cm: Im). Mar sin is ionann gach cm agus m .
Tá roinnt dearthóirí ag ‘Gairdíní Áille’ ag baint úsáide as an eangach chun líníochtaí a dhéanamh de ghairdíní a bhfuil achar 12m acu (ach, ar ndóigh, 12cm ina líníochtaí). Cé mhéad dearadh gairdíní éagsúla is féidir leat a dhéanamh a bhfuil achar 12cm acu?
Leid: Ní gá go mbeadh na gairdíní dronuilleogach.
Féach ar na dearaí go léir. Dá gcaithfeadh gach gairdín fál a bheith thart ar a imlíne, an mbeadh an méid chéanna fál ag teastáil le haghaidh gach ceann acu?
Is maith le dearthóir Poppy,a bheith ag dearadh gairdíní a bhfuil ar a laghad balla cuartha amháin acu. Cén chuma a bheadh ar a dearaí, an dóigh leat?
Cuir i gcás, níos déanaí sa lá, go n-eisíonn an bainisteoir ordú go gcaithfí na gairdíní a chrapadh ina leath. Tarraing na dearaí nua. Cuimhnigh go gcaithfidh na cruthanna fanacht mar a chéile. Mar sin má chrapann tú dronuilleog ina leath, ba cheart go mbeadh an cruth ‘nua’ ina dhronuilleog le hachar 6 cm . An laghdaíonn an fálú do gach ceann acu ina leath freisin?
2
2
2
2
2
2
