top of page

Cur i bhFeidhm agus Réiteach Fadhbanna

Cruth agus spás - Dídean Ainmhithe

D'fhéadfaí an tasc seo a chur i láthair mar scéal nó i gcomhthéacs áirithe ag brath ar na hábhair eile sa seomra ranga – m.sh. Déanaimis teach a dhearadh do theidí. Níl sé teoranta do pheataí ach d'fhéadfaí é a cheangal isteach nó a chur in oiriúint d'ábhair éagsúla - tithe, peataí, bréagáin, rannta do pháistí, scéalta (m.sh. an teach i gCinnín Óir agus na Trí Bhéar, an teach i gCochaillín Dearg) srl. Dhéanfaí an obair seo i mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga chun plé matamaiticiúil a chur chun cinn.

Leagtar amach conaire shamplach foghlama sa chontanam dul chun cinn

Gné

Cur i
bhFeidhm
agus Réiteach

d
an foghlaimeoir

Roghnaíonn sé ábhair agus/nó úsáideann sé
teicneolaíocht chun cruthanna a thógáil nó a
léiriú.

Réitíonn sé tascanna agus
fadhbanna a bhaineann le cruthanna [2-T agus 3-T].
 

e
an foghlaimeoir

Cuireann sé cruthanna 2-T
lena chéile agus déanann sé iad a dheighilt (Mar shampla:tangraim/bloic
patrún a úsáid)

04.

f
an foghlaimeoir

Réitíonn sé fadhbanna ar go leor bealaí chun an líon is mó nó an líon is lú cruthanna 2-T a úsáid agus cruth 2-T níos mó a chruthú.

Réitíonn sé tascanna agus
fadhbanna a bhaineann le
teicneolaíocht
/ láimhseoga amhairc.

04.

g
an foghlaimeoir

Ceapann sé agus déanann
sé samhlacha de chruthanna 2-T agus 3-T ach úsáid a bhaint
as réimse leathan ábhar (Mar shampla: d’fhéadfaí cnuasaigh samhlacha a fhorbairt agus airíonna cosúla a mheas)

COGG logo
bottom of page