top of page

Cur i bhFeidhm agus Réiteach Fadhbanna

Ag Tomhas - Meas tú...

Féachaimis ar an matamaitic i gcomhthéacsanna laethúla. Seo thíos na céimeanna:

  1. Smaoinigh ar an matamaitic a fheiceann tú timpeall ort, sa seomra ranga, sa scoil, nó in áiteanna eile.

  2. Roghnaigh rud éigin a bhfuil spéis agat ann. Is féidir é a tharraingt, scríobh faoi, pictiúr a ghlacadh de,
    srl.

  3. Cuir ceist faoin rud a roghnaigh tú. Mar shampla, ceist shimplí "Cén airde atá an chéim seo?" nó ceist chasta "Cé mhéad cm ar airde atá rith an staighre?"

  4. Liostaigh ar a laghad réiteach féideartha amháin ar an gceist.

  5. Tabhair buille faoi thuairim faoi na réitigh eile a d'fhéadfadh do chomhscoláirí a lua.

  6. Roinn/Labhair faoi do chuid oibre agus lig do do chomhscoláirí tabhairt faoi. An bhfuil an freagra céanna acu le do fhreagra féin?

  7. An féidir leat ceann d'fhadhbanna/ceisteanna comhscoláire a réiteach?

  8. Cruthaigh póstaer le haghaidh do chuid oibre agus taispeáin é leis na réitigh fhéideartha sa seomra ranga.

bottom of page