Cur i bhFeidhm agus Réiteach Fadhbanna
Ag Tomhas - Meas tú...
Is é cuspóir na gníomhaíochta seo daltaí a mhealladh i mbun oibre go matamaiticiúil. Aithníonn na daltaí an mhatamaitic ina dtimpeallacht laethúil agus déanann siad machnamh ar fhadhbanna "Meas tú..." agus an mórphictiúr ar intinn acu. Táthar ag súil go bhforbróidh sé seo meiteachognaíocht de réir mar a úsáideann foghlaimeoirí a gcuid eolas matamaiticiúil maidir leis an gcás a roghnaíonn siad, agus go mbainfidh siad leas as straitéisí foghlama aitheanta chun na torthaí nó na réitigh fhéideartha ar an bhfadhb a mheas.
Foghlaimíonn daltaí freisin nach é an sprioc "críochnú ar dtús", ach straitéisí éagsúla a aimsiú chun dul i ngleic le fadhb a chruthaigh siad.
Leagtar amach conaire shamplach foghlama sa chontanam dul chun cinn.
i
An foghlaimeoir
Ríomhann sé tomhais le cruinneas a bhfuil feabhas ag teacht air i gcomhthéacsanna
feidhmiúla.
J
An foghlaimeoir
Cuireann sé foirmlí i bhfeidhm ar bhealach bríoch chun fadhbanna a réiteach go héifeachtúil.
04.
k
An foghlaimeoir
Réitíonn sé fadhbanna, a bhfuil méadú ag teacht ar a gcastacht, a bhaineann le léirmhíniú, ríomh agus cur i láthair na dtomhas.
Rúibric Ghrádaithe
Sa sampla seo, chruthaigh daltaí fadhbanna a bhfuil tuiscint ar Thomhas ag teastáil lena n-aghaidh. Baintear úsáid as samplaí d'obair daltaí chun an chuma a d'fhéadfadh a bheith ar an bhfoghlaim a léiriú ar chlocha míle ar leith feadh leanúntas dul chun cinn.
i
An foghlaimeoir
Cruthaíonn daltaí fadhb is féidir a réiteach go díreach. Úsáidtear uirlis tomhais chun airde céim amháin a oibriú amach agus méadaítear é sin chun airde an staighre ar fad a oibriú amach. Tugann sé sin deis do dhaltaí aonaid tomhais a athainmniú freisin.
Cén airde atá na céimeanna?
J
An foghlaimeoir
Cruthaíonn daltaí fadhb Feirmí níos oscailte. Déantar meastachán seachas ríomh cruinn ar an méid uisce a scaoiltear ón scairdeán uisce in aghaidh an lae.
Cé mhéad ml a scaoileann sé seo in aghaidh an lae?
04.
K
An foghlaimeoir
Cruthaíonn daltaí fadhb a bhaineann le samhaltú matamaiticiúil. Déantar cur síos ar chomhthéacs na faidhbe agus cinntear ar réiteach fiúntach ar an bhfadhb.
Déan meastachán ar an oiread cumhachta a tháirgeann siad seo?
Is féidir le ceisteanna "Meas tú..." díriú ar gach réimse den mhatamaitic. Chun críocha measúnaithe, tá Rúibric Anailíseach thíos is féidir a úsáid agus obair na ndaltaí á meas agat.