top of page

Réasúnaíocht

Tomhais - Smaoineamh ar Achar agus ar Imlíne

Leagtar amach conaire shamplach foghlama sa chontanam dul chun cinn

Gné

Réasúnaíocht

f
An foghlaimeoir

Déanann sé meastacháin agus úsáid á baint aige as bunaonaid chruinne.

Déanann sé meastóireacht ar réasúntacht tomhais agus é ag tagairt do mheastacháin agus do thagarmharcanna pearsanta.

g
An foghlaimeoir

Míníonn sé agus tugann údar leis an rogha aonaid tomhais ar leith a úsáideadh chun rudaí a thomhas agus/nó comparáid a dhéanamh eatarthu.

Déanann sé meastacháin réasúnta agus úsáid á baint aige as aonaid tomhais oiriúnacha.

Míníonn sé agus tugann údar leis an rogha uirlis tomhais i gcás áirithe, ag brath ar an leibhéal cruinnis a bhíonn de dhíth.

04.

h
An foghlaimeoir

Tugann sé údar leis an aonad tomhais áirithe a úsáideadh chun airíonna a mhíniú.

Cuireann sé aonaid neamhionanna tomhais i gcomparáid agus cuireann sé in ord iad.

Cinneann sé foirmlí le haghaidh tomhais óna thaithí le tascanna tomhais praiticiúla [Mar shampla: LxB=A].

Gné

Réasúnaíocht

i
An foghlaimeoir

Baineann sé úsáid as aonaid tomhais níos lú nuair is gá tomhais níos cruinne a dhéanamh.

Tuigeann sé nuair nach gcabhraíonn tomhais níos cruinne le fadhb a réiteach.

Tástálann sé agus déanann sé meastóireacht ar réasúntacht tomhais agus áirimh uimhriúla thomhas.

j
An foghlaimeoir

Tugann sé údar le méid an aonaid a roghnaíodh agus tomhais á ríomh nó fadhbanna a bhaineann le tomhais á réiteach.

04.

k
An foghlaimeoir

Tugann sé údar le foirmlí agus baineann sé úsáid astu chun imlínte agus achair polagán agus toirt phriosmaí a oibriú amach.

Tugann sé údar leis an bhfoirmle a úsáideadh i gcásanna dá leithéid.
 

bottom of page